Riail 77 – Ualaí a chealú i gcás aistriú a shroicheann thar eastát nó leas úinéara chláraithe
(1) Ar úinéir a chlárú faoi Alt 60 den Acht, ar dhóigh seachas mar a fhoráiltear le Riail 70, cealófar na hualaí agus na fógraí cláraithe seo a leanas sa chlár-
(a) i gcás an t-aistriú a dhéanamh le reacht nó i bhfeidhmiú cumhachta reachtúla, na hualaí agus na fógraí a mbeadh an mhaoin urscaoilte uathu leis an reacht nó i bhfeidhmiú na cumhachta reachtúla, dá mbeadh an mhaoin gan bheith cláraithe;
(b) I gcás an t-aistriú a dhéanamh i bhfeidhmiú cumhachta a cláraíodh mar ualach, na hualaí agus na fógraí a thagann in ord tosaíochta I ndiaidh na cumhachta;
(c) igcás an t-aistriú a dhéanamh le hordú dílseacháin ó chúirt nó ag duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag cúirt chun aistriú a dhéanamh, na hualaí agus na fógraí ar ordaigh an chúirt iad a urscaoileadh ar an aistrí a chlárú.
(2) Má éilítear sin ar an iarratasóir ar chlárú, luafaidh sé nó sí i scríbhinn na hualaí agus na fógraí sa chlár a bhfuil sé nó sí ag iarraidh a gcealaithe.