Riail 76 – Fógra i dtaobh iarratas ar chlárú faoi aistriú a shroicheann thar eastát nó leas úinéara chláraithe
(1) Ní thabharfar an fógra faoi iarratas ar chlárú, de shárú ar eastát nó leas úinéara chláraithe, da dtagraítear in Alt 60 den Acht má shroichtear thar an eastát nó an leas le reacht, le tíolacadh Breithimh Thalún, le hordú dílseacháin ó chúirt nó ó Choimisiún na Talún nó ón Aire Talmhaíochta, Bia agus na Mara, le haistriú ag Coimisiún na Talún nó ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus na Mara i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí reachtúla nó a cuid cumhachtaí reachtúla, nó le haistriú a d’fhorghníomhaigh duine a ceapadh chuige sin ag cúirt i bhforghníomhú a breithiúnais nó hordaithe nó a foraithne.
(2) Mura gcomhthoileoidh ionadaí pearsanta úinéara chláraithe éagtha, nó, i gcás muirir nó ualaigh, úinéara chláraithe éagtha, le hiarratas ar chlárú faoin Alt sin 60, déanfar, i gcásanna seachas cinn a shonraítear i mír (1) den riail seo, fógra faoin iarratas i bhFoirm 27 a thabhairt-
(a) don ionadaí pearsanta, nó
(b) mura bhfuil aon ionadaí pearsanta ann, don duine nó do na daoine a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici nó acu, cibé acu faoi uacht an éagaigh é, faoina dhíthiomnacht nó faoina díthiomnacht nó faoi Alt 111 den Acht Comharbais, 1965.
(3) Tabharfaidh an t-iarratasóir ar chlárú don Údarás na sonraí is gá chun na fógraí a fhorordaítear leis an riail seo a sheirbheáil, a mhéid a bheidh an tiarratasóir i riocht é sin a dhéanamh.