Riail 75 – Clárú faoi aistriú a shroicheann thar eastát nó leas úinéara chláraithe
(1) Más rud é, i gcás lena mbaineann Alt 60 den Acht, go n-aistreoidh úinéireacht maoine cláraithe chun duine eile faoi dhiúscairt, de shárú ar eastát nó leas an úinéara chláraithe, ansin, faoi réir aon agóid a fuarthas mar fhreagra ar fhógra arna thabhairt mar a ordaítear le Riail 76, clárófar an t-aistrí ar an bhfianaise seo a leanas a thabhairt ar aird-
(a) i gcás an diúscairt a dhéanamh ag duine i bhfeidhmiú cumhachta reachtúla nó cumhachta a cláraíodh mar ualach, an ceapachán, an gníomhas aonpháirtí nó aon ionstraim eile lena bhfeidhmítear an chumhacht agus, faoi réir Riail 81, cibé fianaise a d’fhéadfadh ceannaitheoir a éileamh dá mba mhaoin neamhchláraithe í an mhaoin, á thaispeáint go bhfuil an chumhacht infheidhmithe ag an duine dár dílsíodh í agus gur fheidhmigh sé nó sí í;
(b) i gcás an diúscairt a dhéanamh ag duine seachas an t-úinéir cláraithe, i bhforghníomhú breithiúnas, ordú, foraithne nó próis ó chúirt, an diúscairt a d’fhorghníomhaigh an duine a bhí ceaptha ag an gcúirt lena forghníomhú, mar aon le cóip oifigiúil d’ordú na cúirte á cheapadh nó á ceapadh;
(c) i gcás an mhaoin a aistriú le reacht, iarratas i scríbhinn ar chlárú a dtagraítear ann don reacht ar a bhfuiltear ag seasamh, agus, faoi réir riail 82, an fhianaise ar a bhfuiltear ag seasamh mar chruthúnas go bhfuil na dálaí ann, nó na teagmhais tar éis tarlú, a aistríonn an
mhaoin de bhua an reachta.
(2) Féadfar cruthúnas a thabhairt le mionnscríbhinn nó le dearbhú reachtúil ar aon fhíorais is gá de réir na rialach seo.