Riail 74 – Clárú cuideachtaí
(1) Ní foláir do chuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963, a iarrfaidh clárú faoi aistriú, deimhniú ó Chláraitheoir na gCuideachtaí gur corpraíodh í a thabhairt ar aird.
(2) Ní foláir do chuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a iarrfaidh clárú fianaise gur corpraíodh í a thabhairt ar aird.
(3) I gcás diúscairt ag cuideachta, ní fhiosróidh an tÚdarás cé acu aistriú é atá teagmhasach le cuspóirí na cuideachta, mar atá siad leagtha amach ina meabhrán comhlachais, nó nach ea.
(4) I gcás diúscairt ag cuideachta má dhealraíonn an séala a bheith arna ghreamú i láthair rúnaí, leasrúnaí nó comhalta de bhord stiúrthóirí na cuideachta agus a bheith arna fhianú aige nó aici, beidh an tÚdarás i dteideal a thoimhdiú ina leith go ndearna an chuideachta forghníomhú go cuí ar an ngníomhas.
(5) Ar dhiúscairt arna déanamh ag comhlacht corpraithe coigríche i gcás go dtaiscfear deimhniú ó aturnae ón tír atá i gceist nó ag a bhfuil eolas leordhóthanach ar dhlíthe na tíre atá i gceist, gur forghníomhaíodh an gníomhas de réir na gceanglas dlíthiúil lena rialaítear forghníomhú na hionstraime atá i gceist ag comhlacht corpraithe den sórt sin sa dlínse ina bhfuil sé corpraithe, beidh an tÚdarás i dteideal a thoimhdiú ina leith go ndearna an comhlacht corpraithe forghníomhú go cuí ar an ngníomhas.