Riail 71 – Tagairt a chur sa chlár do chúnant chun cíos a íoc nó páirtí a shlánú
Ar mhaoin a aistriú atá faoi réir cíos láithreach nó faoi réir ualach a taifeadadh sa chlár, féadfar tagairtí a chur sa chlár do chúnant san aistriú ó cheachtar páirtí chun an páirtí eile a shlánú nó a shaoradh ón gcíos nó ón ualach nó ó chuid de, nó ó éifeacht an chéanna.