Riail 70 – Clárú faoi aistriú nó faoi ordú dílseacháin de bhun díola i bhforghníomhú ordú cúirte
Registration under a transfer or vesting order on sale in execution of order of court
(1) I gcás maoin a aistriú arna díol ag úinéir cláraithe (nó ag a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta nó ag duine arna cheapadh nó arna ceapadh chuige sin ag an gcúirt) i bhforghníomhú foraithne, breithiúnais nó ordaithe ó chúirt, nó i gcás ordú dílseacháin arna díol de bhun foraithne nó breithiúnas nó ordú den sórt sin, cuirfear i dteannta an aistrithe nó an ordaithe dílseacháin—
(a) cóip oifigiúil den ordú ón gcúirt á ordú an mhaoin a dhíol;
(b) deimhniú ó Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte nó (más í an Chúirt Chuarda a d’ordaigh an díol) deimhniú ón gcláraitheoir contae, a dheimhneoidh toradh a fhiosrúchán nó a fiosrúchán i dtaobh eirí;
(c) cóip oifigiúil den ordú críochnaitheach lena gceadófar an díol agus fáltais an díola a dhíol lasmuigh de chúirt.
(d) más de bhun ordú ón gCúirt Chuarda a díoladh an mhaoin, deimhniú eile ón gcláraitheoir contae a shonróidh na páirtithe sna himeachtaí le haghaidh an díola agus na daoine ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh na n-imeachtaí sin agus a bhí faoi cheangal acu.
(2) Ar na doiciméid iomchuí dá dtagraítear ag fomhíreanna (a), (b), (c) agus (d) a thabhairt ar aird sa Chlárlann, déanfaidh an tÚdarás cibé muirir, morgáistí breithiúnais agus eirí eile a chealú i gclár na maoine a áirítear san aistriú agus ar dealraitheach nach ndéanann siad difear a thuilleadh don mhaoin a díoladh.