Riail 63 – Tionónta i gcoiteannas a chlárú

image_printLeathanach Priontála

I gcás iarratas ar chlárú mar úinéir ó dhuine a éileoidh sin mar thionónta i gcoiteannas ar scair neamhroinnte i maoin, ní foláir an scair a bhfuil teideal aige nó aici chuici a lua, nuair nach léir ón ionstraim a thaiscfear cad í an scair í. Is é an taifead a chuirfear sa chlár go bhfuil an t-iarratasóir ina úinéir nó ina húinéir ar scair neamhroinnte shonraithe den mhaoin.