Riail 61 – Ionstraim a leasú agus tosaíocht na hionstraime leasaithe
(1) Nuair is gá aon athrú a dhéanamh ar ionstraim tar éis í a ghlacadh lena clárú, féadfar, má cheadaíonn an tÚdarás é, í a tharraingt siar as an gClárlann chun í a athrú agus a athfhorghníomhú sula mbeidh aon taifead fúithi curtha isteach i gclár.
(2) Beidh an t-athfhorghníomhú le déanamh ag gach duine ar dealraitheach difear a bheith á dhéanamh dá leasanna, cibé acu a rinne siad forghníomhú uirthi an chéad uair nó nach ndearna.
(3) Ar an ionstraim a athsheachadadh sa Chlárlann, déanfar í a thaifeadadh lena clárú mar a iarradh amhail ar dháta agus in ord tosaíochta an athsheachadta.