Riail 6 – Athruithe foirmiúla sa chlár agus cealú taifead atá foirceanta

image_printLeathanach Priontála

Féadfaidh an tÚdarás, tráth ar bith, tar éis cibé fiosrúcháin agus fógraí (más ann) is cuí leis agus ar cibé fianaise a mheasfaidh sé a bheith sásúil a fháil, aon athruithe foirmiúla a dhéanamh i gclár, nó aon ualach, fógra nó taifead a tharraingt siar as clár, trína chealú, más deimhin leis nach ndéanann sé difear a thuilleadh don mhaoin nó nach mbaineann sé a thuilleadh léi.