Riail 58 – Ord tosaíochta déileálacha a gheofar lena gclárú
(1) Ach amháin mar a fhoráiltear dá mhalairt sna Rialacha seo, déanfar iarratais, lena n-áirítear iarratais a thaiscfear de láimh, a chlárú san ord ina bhfaighidh an tÚdarás iad.
(2) Maidir leis na hiarratais go léir a gheofar, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, seachas iarratais a taisceadh de láimh:
(a) ar aon lá sula n-osclófar an Chlárlann don phobal ar an lá sin, measfar go bhfuarthas iad ar an tráth céanna díreach sular osclaíodh an Chlárlann don phobal;
(b) tar éis an Chlárlann a oscailt don phobal measfar go bhfuarthas iad ar an tráth céanna agus díreach sular dúnadh an Chlárlann ar an bpobal ar an lá sin;
(c) tar éis an Chlárlann a dhúnadh don phobal ar lá áirithe, measfar go bhfuarthas iad ar an tráth céanna agus díreach sular osclaíodh an Chlárlann don phobal ar an gcéad lá oibre eile.
(3) Maidir le hiarratais de bhun mhír (2) thuas a measadh a fuarthas ar an tráth céanna beidh siad ar comhthosaíocht le chéile.
(4) Maidir le dhá iarratas nó níos mó a bhaineann leis an maoin chéanna a sheachadadh ar an tráth céanna ag an duine céanna tabharfar tosaíocht dóibh san ord a ordóidh an duine a sheachadfaidh iad nó, in éagmais ordachán den sórt sin, i cibé ord is intuigthe as na hiarratais.