Riail 57 – Déileáil a thíolacadh lena clárú
(1) Féadfar iarratais ar chlárú a chur chuig cibé oifig nó oifigí nó cibé seoladh nó seoltaí de chuid an Údaráis a ainmneoidh sé nó féadfar iad a sheachadadh ar an gcéanna nó a tharchur chuig an gcéanna.
(2) Féadfar iarratais a dhéanamh trí mheán leictreonach i gcás gur deimhin leis an Údarás go bhfuil socruithe cuí ar bun chun déileáil le hiarratais den sórt sin. Déanfar iarratais trí mheán leictreonach a tharchur chuig cibé seoladh leictreonach nó seoltaí leictreonacha a ainmneoidh an tÚdarás chun iarratais den sórt sin a ghlacadh.
(3) Féadfar iarratais ar chlárú a dhéanamh i bpearsa nó tríd an bpost ag cibé oifig nó cibé oifigí a ainmneoidh an tÚdarás chun iarratais den sórt sin a ghlacadh.