Riail 56 – Cuid de mhaoin chláraithe a aistrítear a aithint

image_printLeathanach Priontála

(1) Aon ionstraim a mbeidh baint aici le cuid den mhaoin i bhfóilió den chlár beidh ina teannta léarscáil iarratais dá dtagrófar san ionstraim.

(2) Féadfaidh an tÚdarás léarscáil iarratais i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach ina sainaithneofar teorainneacha dhá mhaoin nó níos mó i gcás go mbeidh gach maoin acu ina hábhar do theideal cláraithe ar leithligh (“léarscáil scéime”) a cheadú sula dtaiscfear iarratas ar chlárú.

(3) Más cuí, beidh feidhm ag forálacha Riail 29 maidir le léarscáil den sórt sin.