Riail 55 – Fianaise ar fhorghníomhú ionstraime ag aturnae
I gcás gur aturnae a dhéanfaidh forghníomhú ar iarratas nó ar ionstraim, déanfar an chumhacht aturnae nó cóip dheimhnithe di arna déanamh de bhun Alt 21 den Acht um Chumhachtaí Aturnae, 1996 nó cóip fhianaithe arna déanamh de bhun Alt 22 den Acht sin a thabhairt ar aird don Údarás.