Riail 54 – Fianaise gur forghníomhaíodh ionstraimí
Ní foláir forghníomhú gach iarratais, ach amháin iarratas ó aturnae, agus gach ionstraime, a bheith fianaithe ag finné. Ní foláir forghníomhú iarratais nó ionstraime ag duine atá dall nó neamhliteartha a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ó fhinné fianaithe á rá gur léadh amach agus gur míníodh an t-iarratas nó an ionstraim don duine sin agus gur dhealraigh an duine sin gur thuig sé nó sí an céanna. Ní foláir forghníomhú iarratais nó ionstraime ag duine lena mharc nó lena marc, mar gheall ar mhíchumas coirp, agus ar an gcúis sin amháin, a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ó fhinné fianaithe a thabharfaidh fáth an fhorghníomhaithe sin. In aon chás ina bhfuil an t-eolas sin tugtha sa chlásal fianaithe, féadfaidh an t-údarás an mhionnscríbhinn sin a ligean thar ceal. Ní foláir forghníomhú iarratais nó ionstraime ag daoine eile a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ó fhinné fianaithe aon uair a theastóidh sin ón Údarás. Féadfar mionnscríbhinn an fhinné fianaithe a dhéanamh i bhFoirm 20.