Riail 53 – Iarratais nó ionstraimí i bhfoirm mhíchuí

image_printLeathanach Priontála

Más dealraitheach don Údarás go bhfuil iarratas nó ionstraim ar bith míchuí ó thaobh foirme nó substainte nó neamhshoiléir, nó nach gcuirtear in iúl sách cruinn cad é an leas nó an talamh áirithe a bhfuil sé ceaptha don iarratas nó don ionstraim difear a dhéanamh dó, nó nach dtagraítear ann nó inti ach d’ábhair nach ábhar do clárú iad faoin Acht, nó go dtugtar i gceist clárú i leith sriantachta a bheadh míréasúnach nó ar dóigh di ciotaí a dhéanamh, nó go bhfuil an t-iarratas nó an ionstraim curtha i bhfriotal ar dhóigh eile nach réitíonn leis na prionsabail a ndlitear an clár a choimeád dá réir, féadfaidh sé clárú a dhiúltú nó an mhaoin a chlárú faoi réir cibé modhnuithe a cheadóidh sé.