Riail 50 – Fógra a thabhairt faoi chlárú beartaithe
Mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, ní chomhlánófar aon chlárú de dhroim scrúdú teidil go dtí go mbeifear tar éis fógra faoin gclárú beartaithe a thabhairt don iarratasóir, agus do cibé daoine eile a ordóidh an tÚdarás.