Riail 49 – Céadchlárú iontaobhaí mar úinéir
Más iontaobhaí iarratasóir ar chlárú mar úinéir nó mar an úinéir cláraithe, cibé acu é, féadfaidh sé nó sí, ar chomhlánú an chláraithe, toirmeasc a thaifeadadh sa chlár chun srian a chur le clárú i gcás diúscairtí nach bhfuil údaraithe leis an iontaobhas. Féadfaidh an toirmeasc a bheith san fhoirm a fhorordaítear i Riail 130.