Riail 46 – Éasúintí agus profits a fháil le forordú
(1) De bhun alt 49A den Acht, féadfaidh aon duine a éilíonn go bhfuil sé nó sí i dteideal éasúint nóprofit à prendre de bhun Ailt 33 go 38 d’Acht 2009 iarratas a dhéanamh chun an ceart sin a chlárú i bhFoirm 68 fara cibé modhnuithe is gá sa chás. Féadfaidh an tÚdarás, más deimhin leis gur comhlíonadh ceanglais iomchuí an Achta sin, agus tar éis na fógraí sin a sheirbheáil ar an bhfo-úinéir, a chur faoi deara, de réir mar is cuí, an éasúint nó an profit à prendre éilithe a thaifeadadh mar chomhghabhálas de réir Alt 82 den Acht, mar ualach de bhun Alt 69(1)(jj) agus, i gcás profit à prendre i gcomhlán, é a thaifeadadh sa chlár arna chothabháil faoi Alt 8(b)(i) den Acht.
(2) Is i bhFoirm 69 a bheidh an fógra.
(3) I gcás nach mbeidh príomhtheideal an iarratasóra cláraithe, ní foláir, de bhun Rialacha 14 go 19, iarratas ar chéadchlárú a bheith ag gabháil leis an iarratas.
(4) I gcás an fothalamh a bheith neamhchláraithe agus nach ndéanfar fianaise shásúil ar chéannacht úinéir na fothalún a thabhairt ar aird, féadfaidh an tÚdarás cibé cuardaigh, fógráin, fógraí agus fiosruithe a ordú a mheasfaidh sé is gá.