Riail 44 – Scrúduithe eile teidil lasmuigh den chlár

image_printLeathanach Priontála

Is i bhFoirm 1 nó 2, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, a dhéanfar iarratas chun na teidil seo a leanas a scrúdú-
(a) teideal léasóra leasa léasaigh a bhfuil a úinéireacht cláraithe le teideal léasach bailí, ionas go sonrófaí go ndearnadh an teideal a chomhshó ina theideal iomlán,

(b) teideal deontóra oidhreachtáin chorpraigh chláraithe maoine ruílse, ionas go sonrófaí go ndearnadh an teideal cláraithe a chomhshó ina theideal iomlán,

(c) teideal deontóra deontais feofheirme nó deontais suthaineachta a rinneadh faoi fhorálacha aon achtacháin mar chomhshó ar leas léasach cláraithe, ionas go n-aistreofaí an mhaoin ó chlár úinéireachta
na leasanna léasacha go clár úinéireachta na maoine ruílse,

(d) teideal duine ar bith chun léas nó foléas atá cláraithe mar ualach gan a úinéireacht a bheith cláraithe, ionas go gcealófaí an t-ualach nó go gclárófaí a úinéireacht,

(e) teideal duine ar bith chun morgáiste nó muirear atá cláraithe mar ualach gan a úinéireacht a bheith cláraithe, ionas go mbainfí as an gclár é nó go gclárófaí a úinéir

agus beidh feidhm ag forálacha na rialacha roimhe seo nuair is gá, ach nach mbeidh sé riachtanach léarscáil a thaisceadh i dteannta an iarratais.