Riail 43 – I gcás go dtaiscfear gníomhais chun lian a bhunú
(1) Más rud é, ar iarratas ar theideal sealbhach nó srianta a chomhshó, go gceanglóidh iarratasóir ar theideal a chomhshó ar dhuine a éilíonn lian ar mhodh morgáiste cothromais arna bhunú roimh chéadchlárú ar dhoiciméad ina sheilbh nó ina seilbh an doiciméad a thabhairt ar aird ag an gClárlann, nó go gceanglóidh an tÚdarás air nó uirthi cúis a shuíomh nár chóir an doiciméad a thabhairt ar aird, féadfaidh sé nó sí é a thaisceadh sa Chlárlann faoi réir an liain.
(2) Aon duine a bheidh ag taisceadh doiciméid faoin riail seo faoi réir lian arna bhunú trína thaisceadh taiscfidh sé nó sí leis éileamh ar an lian i bhFoirm 81 arna shíniú aige nó aici nó a aturnae nó ag a haturnae.
(3) Áireofar i lian duine a bheidh ag taisceadh doiciméid faoin riail seo na costais ar é a thaisceadh.
(4) Ní dhéanfar aon chlárú a d’fhéadfadh an lian a shárú nó dochar a dhéanamh dó go dtí go ndeimhneofar é nó go bhforálfar maidir leis i gcás go nglacfar leis.