Riail 40 – Fógra le tabhairt faoi chomhshó beartaithe
Sula gcomhshófar teideal sealbhach de dhroim scrúdú teidil, déanfaidh an tÚdarás, más riachtanach leis é-
(a) fógra faoin gcomhshó beartaithe a thabhairt don úinéir cláraithe, murab é nó í atá ag iarraidh an chomhshó sin nó mura páirtí toilteanach chuige é nó í;
(b) má chinntítear go bhfuil ualach ann le tosaíocht aige ar ualach cláraithe, fógra a thabhairt d’úinéir, nó d’úinéir toimhdean, an ualaigh chláraithe i dtaobh na tosaíochta a cinntíodh amhlaidh agus i dtaobh chlárú beartaithe an ualaigh;
(c) ar chostas an iarratasóra, cibé fógra is cuí leis a thabhairt faoin gcomhshó beartaithe, nó faoi thaifid nó cealú taifead atá beartaithe de dhroim an scrúdaithe teidil.