Riail 4 – Modh cláraithe
Aithneofar i bhfaisnéis arna taifeadadh an mhaoin áirithe nó an leas áirithe sa mhaoin dá bhfuil sé beartaithe difear a dhéanamh; agus ní dhéanfar tagairt in aon fhaisnéis do ní nach n-údaraítear leis na hAchtanna ná leis na Rialacha seo mar ní is ábhar do chlárú.