Riail 39 – Iarratas chun teideal srianta a chomhshó

image_printLeathanach Priontála

Is i scríbhinn a dhéanfar iarratas chun teideal srianta a chomhshó ina theideal iomlán nó ina theideal léasach bailí, agus cuirfear ina theannta fianaise ar theideal an úinéara chláraithe chun an eastáit nó an leasa a eisctear sa chlár ó éifeacht an chláraithe, nó cibé fianaise eile ar a mbeidh seasamh an iarratasóra mar chruthúnas gur múchadh an t-eastát nó an leas a eisctear amhlaidh nó gur scoir sé ar dhóigh eile de dhifear a dhéanamh don mhaoin. Is i bhFoirm 14 a dhéanfar an t-iarratas.