Riail 38 – Fógra, fógrán agus fiosrúcháin roimh chomhshó sna cásanna sin

image_printLeathanach Priontála

Sula gcomhshófar teideal sealbhach i gcás lena mbaineann an riail sin roimhe seo, féadfaidh an tÚdarás-
(a) cibé fógraí is riachtanach leis a sheirbheáil, lena n-áirítear fógraí d’úinéirí maoine sa chomharsanacht a mbeadh cúis aige chun a chreidiúint go bhféadfaidís bheith i dteideal coinníollacha sriantacha a chur i bhfeidhm a dhéanann difear don mhaoin;

(b) ar chostas an iarratasóra (mura mbeidh ordú dá mhalairt déanta aige), fógra faoin gcomhshó beartaithe a chur i cibé foilseacháin (más ann) a ordóidh sé;

(c) cibé fiosrúcháin is riachtanach leis a dhéanamh ar an maoin nó in aon áit eile.