Riail 37 – Teideal cláraithe a chomhshó i gcásanna faoi Alt 50(2) den Acht
(1) I gcás lena mbaineann Alt 50(2)(a) den Acht, taiscfidh an t-iarratasóir na doiciméid go léir a shonraítear sa mhír sin mar aon le Foirm 14, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt.
(2) I gcás lena mbaineann Alt 50(2)(c) den Acht, ní gá don iarratasóir na doiciméid a shonraítear in Alt 50(2)(a) a thaisceadh.
(3) Is i bhFoirm 15 a dhéanfar iarratas chun teideal sealbhach a chomhshó ina theideal iomlán, i gcás nach mbaineann Alt 50(2)(c) den Acht leis.