Riail 36 – Scrúdú ar theideal chun leasanna a chosnaítear trí chlárú le teideal sealbhach

image_printLeathanach Priontála

(1) In iarratais faoi Riail 35, déanfaidh an tÚdarás, nó déanfar faoina mhaoirseacht, an teideal a scrúdú, agus féadfaidh sé an scrúdú a leathnú nó a mhodhnú ar cibé dóigh is gá in imthosca an cháis áirithe; ach ní éileofar aon fhianaise teidil nach bhféadfaí a éileamh i gcás an mhaoin a dhíol faoi
chonradh díshriantach.

(2) Féadfaidh an tÚdarás scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal nó a mhodhnú, de réir mar is cuí leis. Go háirithe féadfaidh sé sin a dhéanamh-
(a) i gcás an teideal a bheith scrúdaithe don tréimhse fhorordaithe ag abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach tráth a rinneadh diúscairt ar chomaoin luachmhar, agus má dhéantar a thuairim nó a tuairim, maille leis an bhfianaise ar ar bunaíodh í, a thaisceadh i dteannta an iarratais; féadfar an tuairim sin a thabhairt i bhFoirm 3 arna hoiriúnú mar is gá sa chás,

(b) más rud é, i gcúrsa teideal a imscrúdú, go gcuirfear an teideal ar aghaidh le haghaidh tuairim dhlíthiúil ar nós mar a dhéanfaí faoi Riail 19(6); féadfar an tuairim sin a thabhairt i bhFoirm 3 arna hoiriúnú mar is gá sa chás,

(c) trí ghlacadh le teideal a mheasfaidh sé a bheith ina theideal bailí sealbhaíochta agus cibé slánaíocht is riachtanach leis a thógáil.