Riail 35 – Iarratais eile chun teideal sealbhach a chomhshó
(1) I ngach iarratas eile chun teideal sealbhach a chomhshó ina theideal iomlán i gcás maoin a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ní foláir an teideal a bhí ar marthain chun na maoine sin, sular ceannaíodh amhlaidh í, a thaispeáint.
(2) Má cheadaíonn an tÚdarás é, is féidir an teideal chun na tionóntachta-
(a) a thosú le diúscairt a rinneadh 15 bliana ar a laghad roimh dháta an iarratais;
nó
(b) a rianú do thréimhse 30 bliain ar a laghad roimh an iarratas cibé acu seilbh nó eile is bun don teideal.
(3) Is le mionnscríbhinn i bhFoirm 11 nó 12, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, de réir mar a bheidh nó nach mbeidh a sheasamh nó a seasamh ag an iarratasóir ar thuairim dhlíthiúil, a dhéanfar an t-iarratas.