Riail 34 – Iarratas i gcás maoin a fuarthas de dhroim díola, nó a fuair údarás reachtúil, agus nach mó ná €1,000,000 a luach

image_printLeathanach Priontála

(1) I gcás maoin a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus a cláraíodh le teideal sealbhach a bheith faighte de bhun díola, nó ag údarás reachtúil agus nach mó ná €1,000,000 an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a íocadh ina leith nó a luach, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas a fháil ó aturnae an iarratasóra á dheimhniú go ndearna sé nó sí imscrúdú ar an teideal roimh an gcéadchlárú agus nár nochtadh san imscrúdú sin aon chearta codarsna, cúnaint shriantacha ná eirí ina leith, an teideal sealbhach sin a chomhshó ina theideal iomlán.

(2) Is i bhFoirm 13, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, a dhéanfar an t-iarratas.