Riail 33 – Iarratas i gcás úinéireacht a bheith cláraithe le 12 bhliain faoi aistriú ar chomaoin luachmhar
I gcás úinéireacht maoine a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bheith cláraithe le breis agus 12 bhliain, agus go ndéanfaidh iarratasóir ar chomhshó teidil shealbhaigh éileamh mar úinéir cláraithe nó trí nó faoi úinéir cláraithe a cláraíodh 12 bhliain ar a laghad roimh an iarratas, faoi aistriú ar chomaoin luachmhar a rinneadh tar éis an mhaoin sin a chéadchlárú, agus go raibh an mhaoin sin á háitiú de réir an teidil chláraithe, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas i bhFoirm 10 a thaisceadh, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, an teideal a chomhshó ina theideal iomlán.