Riail 30 – Foirm an rabhaidh i gcoinne céadchlárú agus na mionnscríbhinne mar thaca leis

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 7 a bheidh rabhadh á cheangal fógra a thabhairt i dtaobh iarratas chun úinéireacht maoine a chéadchlárú.

(2) Is i bhFoirm 8 a bheidh an mhionnscríbhinn leasa mar thaca leis an rabhadh agus is é nó is í an rabhdóir nó a aturnae nó a haturnae a dhéanfaidh í.

(3) Féadfaidh rabhdóir tráth ar bith, i scríbhinn, arna síniú aige féin nó aici féin nó ag a aturnae nó ag a haturnae, a rabhadh nó a thoiliú nó a toiliú le clárú a tharraingt siar.