Riail 28 – Taifid maidir le mianaigh agus mianraí

image_printLeathanach Priontála

(1) Más rud é, ar iarratas chun úinéireacht maoine a chéadchlárú, nach dtugtar ar aird aon fhianaise maidir le húinéireacht na mianach nó na mianraí nó nach gcruthaítear an úinéireacht sin chun sástacht an Údaráis nó gur dealraitheach ó aon doiciméad, nó ar dhóigh eile, go bhfuil gach ceann nó aon cheann de na mianaigh agus na mianraí ar téarbhadh leis an maoin, cuirfear nóta sa chlár á rá nach sroicheann an clárú chuig na mianaigh agus na mianraí, nó chuig cibé cinn díobh atá ar téarbhadh amhlaidh.

(2) Más rud é, ar iarratas chun úinéireacht maoine a chéadchlárú nó tráth ar bith tar éis an chláraithe sin, go gcruthófar chun sástacht an Údaráis go bhfuil an ceart chun gach ceann nó aon cheann de na mianaigh nó na mianraí dílsithe don iarratasóir, nó don úinéir cláraithe, féadfaidh sé an clárú a leathnú chuig na mianaigh agus na mianraí sin trí nóta a chur le tuairisc na maoine sa chlár á rá
go bhfuil na mianaigh agus na mianraí, nó mianaigh shonraithe agus mianraí sonraithe, ar áireamh sa chlárú. Beidh siad ina gcuid ansin den mhaoin a thuairiscítear sa chlár a bhfuil a húinéireacht cláraithe.