Riail 26 – Maoin a fuarthas faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus mar mhalairt

image_printLeathanach Priontála

(1) Más rud é, i gcás maoin a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a chéadchlárú, nach deimhin leis an Údarás gur cóir teideal iomlán nó teideal srianta a dheonú, cláróidh sé an mhaoin le teideal sealbhach.

(2) Más rud é go bhfuarthas an mhaoin mar mhalairt ar mhaoin a cláraíodh le teideal sealbhach agus go ndéantar na cearta neamhchláraithe a cosnaíodh leis an gclárú sin, agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an maoin a tugadh mar mhalairt, a aistriú faoi aon fhoráil de na hAchtanna Talamh-Cheannaigh chuig an maoin a fuarthas, clárófar le teideal sealbhach an mhaoin a fuarthas.