Riail 25 – Éasúint nó profit à prendre a thaifeadadh mar chuid de thuairisc ar mhaoin a chláraítear

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfar éasúint nó profit à prendre a deonaíodh go sainráiteach mar chomhghabhálas trí thíolacas ó Bhreitheamh Talún, nó le hordú dílseacháin, fiat dílseacháin nó ionstraim eile ó Choimisiún na Talún nó ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, a thaifeadadh sa chlár mar chuid de thuairisc na maoine agus féadfar é a thuairisciú sa chlár trí thagairt don tíolacais, don ordú, don fiat nó don ionstraim eile.

(2) Más rud é gur mian le húinéir cláraithe nó le hiarratasóir ar chlárú mar úinéir, go dtaifeadfaí go sonrach sa chlár aon cheart atá comhghabhálach leis an maoin a fuarthas trí dheontas i scríbhinn nó faoi ordú cúirte, féadfaidh sé nó sí, nó féadfaidh a aturnae nó a haturnae thar a cheann nó thar a ceann, iarratas i scríbhinn a chur chuig an Údarás á iarraidh an taifead sin a dhéanamh. Féadfaidh an tÚdarás ansin ar chruthúnas sásúil ar an teideal a thabhairt ar aird agus faoi réir cibé fógraí (más ann) a sheirbheáil a ordóidh sé, an ceart sin a thaifeadadh sa chlár mar cheart atá comhghabhálach leis an maoin.