Riail 24 – Maoin thaifeadta a chlárú
Ar mhaoin thaifeadta a aistriú chun cláir faoin Acht-
(a) déanfar na muirir, na heirí, na léasanna, agus na cearta eile go léir ar an taifead, atá ina n-ualaí de réir bhrí Alt 69 den Acht, a thaifeadadh mar ualaí sa chlár san ord tosaíochta inar taifeadadh iad;
(b) cuirfear fógra sa chlár gurb ann d’aon chinn atá ar taifead de na hualaí a shonraítear in Alt 72 den Acht.