1

Riail 22 – Doiciméid atá le taisceadh i gcás an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara do thabhairt clárú i gcrích

Nuair a bheidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara tar éis maoin a fháil faoina chumhachtaí reachtúla nó faoina cumhachtaí reachtúla nó maoin a dhíol le ceannaitheoir faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh an 31 Márta, 1999, nó dá éis sin, is i bhfoirm an ordaithe dílseacháin, an fiat dílseacháin, an liosta chríochnaithigh nó an ordaithe aistriúcháin, ar faoina réim nó dá bhua a dhílsítear an mhaoin don Aire nó don cheannaitheoir, cibé acu é, a bheidh an doiciméad is gá don Aire a chur chuig an Údarás chun críocha cláraithe agus féadfar, ach amháin i gcás ordú aistriúcháin, cóip oifigiúil den ionstraim sin a úsáid chuige sin. Ní foláir léarscáil iarratais a chur i dteannta an doiciméid.