Riail 21 – Iarratas ó údarás áitiúil faoi chumhachtaí reachtúla chun ceannaitheoir a chéadchlárú

image_printLeathanach Priontála

(1) Aon iarratas ó údarás áitiúil chun ceannaitheoir maoine faoi Acht na Sclábhaithe, 1936, a chéadchlárú, déanfar é trí na doiciméid a fhorordaítear le hAlt 19(2) den Acht sin a thaisceadh sa Chlárlann.

(2) Aon iarratas ó údarás áitiúil chun ceannaitheoir maoine faoi Alt 92 d’Acht na dTithe, 1966 a chéadchlárú, déanfar é tríd an Ordú Aistriúcháin a fhorordaítear le halt 90(5) den Acht sin (arna ionadú le hAlt 26 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992) a thaisceadh sa Chlárlann.

(3) Cuirfear i dteannta iarratas ar chéadchlárú faoin Riail seo léarscáil iarratais.