Riail 20 – Iarratas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar chlárú le teideal sealbhach

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 4 a dhéanfar iarratas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Alt 26(1) den Acht chun duine a chéadchlárú mar úinéir le teideal sealbhach agus cuirfear ina theannta léarscáil iarratais.

(2) Ní foláir deimhniú ó aturnae an iarratasóra a fhormhuiniú ar an iarratas á dheimhniú go bhfuil an duine a n-iarrtar an clárú dó nó di i seilbh na maoine is ábhar don iarratas.