Riail 190 – Malartú faoi Alt 46 den Acht Talmhan, 1923
Nuair a dhéanfar, de bhun Alt 46 den Acht Talmhan, 1923, maoin (dá ngairtear “an gabháltas bunaidh” sa riail seo agus i Rialacha 191 agus 192) a mhalartú leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar mhaoin (dá ngairtear “an gabháltas nua” sa riail seo agus i Rialacha 191 agus 192), luafar san ordú dílseacháin nó san ionstraim eile lena n-aistrítear an gabháltas nua cé acu atá nó nach bhfuil an talamh faoi réir blianacht talamh-cheannaigh agus tagrófar ann d’uimhir an fhóilió de chlár an ghabháltais bunaidh.