Riail 19 – Scrúdú teidil a mhodhnú

image_printLeathanach Priontála

(1) Ach amháin mar atá ráite agus mar a fhoráiltear a mhalairt sa riail seo, féadfaidh an teideal a bheidh le suíomh ag an iarratasóir tosú le diúscairt i leith na maoine a rinneadh 15 bliana ar a laghad roimh dháta an iarratais agus a bheadh ina fhréamh bhailí theidil i gcás díol faoi chonradh gan teorannú ach ar an ré theidil ba ghá a shuíomh.

(2) I gcás go suífear chun sástacht an Údaráis nach mó ná €1,000,000 margadhluach na maoine is ábhar don iarratas, féadfaidh an teideal a bheidh le suíomh ag an iarratasóir tosú le tíolacadh nó sannadh de bhun díola a rinneadh 12 bhliain ar a laghad roimh dháta an iarratais agus a bheadh ina fhréamh bhailí
theidil i gcás díol faoi chonradh gan teorannú ach ar an ré theidil ba ghá a shuíomh.

(3) I gcás go ndíoltar maoin agus nach mó ná €1,000,000 an t-airgead ceannaigh, féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis, teideal a chlárú mar theideal iomlán nó mar theideal srianta nó mar theideal léasach bailí ar aturnae do thabhairt deimhniú ar aird, ar chostas an iarratasóra i bhFoirm 3, arna hoiriúnú mar is gá sa chás, maille le léarscáil iarratais.

(4) I gcás go bhfaighidh údarás reachtúil maoin gan an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a íocadh ina leith a bheith níos mó ná €1,000,000, féadfaidh an tÚdarás scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal agus féadfaidh sé an t-údarás reachtúil a chlárú le teideal iomlán nó le teideal srianta nó le teideal léasach bailí ar aturnae don údarás sin do thabhairt deimhniú ar aird i bhFoirm 3 arna hoiriúnú mar is gá sa chás maille le léarscáil iarratais.

(5) I gcás go mbeidh teideal iarratasóra scrúdaithe-
(a) ag an abhcóide tíolacaíochta do chúirt i gcás an mhaoin a dhíol nó a cheannach faoi ordú ón gcúirt; nó

(b) ag abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach i gcás an mhaoin a dhíol nó a mhorgáistiú, féadfaidh an tÚdarás scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal, nó é a mhodhnú mar is cuí leis.

(6) Más rud é, i gcúrsa teideal a imscrúdú, go n-iarrfaidh an t-iarratasóir amhlaidh, nó gur dealraitheach don Údarás é a bheith inmhianaithe an teideal a tharchur chun tuairim dhlíthiúil a fháil air, féadfaidh an tÚdarás, le toiliú agus ar chostas an iarratasóra, aontú leis an teideal a tharchur chun tuairim dhlíthiúil a fháil air maidir le haon ní sonrach. Féadfar an tuairim dhlíthiúil a thabhairt i bhFoirm 3, arna hoiriúnú mar is gá sa chás.