Riail 188 – Feidhm an Achta ar oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán

image_printLeathanach Priontála

Faoi réir Riail 187, beidh feidhm ag na forálacha den Acht a bhaineann le clárú an teidil chun maoine agus na n-ualaí a luíonn ar mhaoin chláraithe, ach amháin na cinn lena mbaineann Alt 73, maidir le clárú sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht i gcás úinéireacht gach uile oidhreachtán neamhchorprach atá ar teachtadh i gcomhlán de bhun fhorálacha an Achta sin agus na Rialacha seo, arna modhnú mar a leanas-

(a) Cuirfear tagairt do thalamh a chuimsíonn oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán in ionad tagairtí do thalamh nó do thailte nó do thalamh ruílse mar a bhfuil siad sin sna forálacha sin agus de réir mar a éileoidh an comhthéacs é;

(b) Na hualaí a shonraítear in Alt 69(1)(b), (h), (j), (m), (n) agus an chuid sin den ualach a shonraítear ag (q), eadhon, “nó ceart cónaithe (cibé acu ceart eisiatach cónaithe é nó nach ea)”; agus d’Alt 72(1)(b), (h), (n) agus (o), eisiafar iad ó na hailt sin ina bhfeidhm maidir leis an oidhreachtán sin, ach déanfar na coinníollacha, na heastáit, na cearta agus na leasanna, más ann, a shonraítear sa deontas lenar bunaíodh an t-oidhreachtán a áireamh mar ualaí a bhfuil oidhreachtán cláraithe den sórt sin faoina réir, bíodh nár cláraíodh iad.