Riail 187 – Oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán

image_printLeathanach Priontála

(1) Clárófar mar úinéir le teideal iomlán iarratasóir a iarrfaidh clárú ar úinéireacht oidhreachtáin neamhchorpraigh atá ar teachtadh i gcomhlán, má thugann an tÚdarás formheas ar theideal chun leas an deontaí agus chun leas an deontóra agus chun uasleas nó leas idirmheánach ar bith a bheadh ar marthain.

(2) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta, go raibh sa chlárú ar úinéireacht oidhreachtáin neamhchorpraigh a bhí ar teachtadh i gcomhlán nóta á rá gur imscrúdaíodh teideal an deontóra chun an deonú a dhéanamh agus go bhfuarthas gur theideal bailí é, measfar gur teideal iomlán an teideal chun leas an deontaí. Mura bhfuil aon nóta den sórt sin ann, measfar an teideal a bheith ina theideal sealbhach.

(3) Má dhéanann an t-úinéir ar mhaoin a cláraíodh le teideal iomlán, nó sealbhach nó srianta, oidhreachtán neamhchorprach atá ar teachtadh i gcomhlán a dheonú, measfar mar an gcéanna teideal úinéir cláraithe an oidhreachtáin neamhchorpraigh sin a bheith ina theideal iomlán, sealbhach nó srianta, cibé acu é.

(4) Má chláraítear duine mar chéad lán-úinéir ar oidhreachtán neamhchorprach atá ar teachtadh i gcomhlán le teideal sealbhach, ní dhéanfaidh sin difear ná dochar d’fheidhmiú aon chirt (cibé acu i leith theideal an deontóra nó eile é) codarsna do theideal an deontóra nó an duine sin, nó de mhaolú ar a theideal nó ar a teideal atá ar marthain nó arbh fhéidir dó teacht chun bheith ann tráth an chláraithe ach, lasmuigh dá bhfuil ráite roimhe seo, beidh éifeacht aige is ionann agus clárú le teideal iomlán.