Riail 186 – Cearta inchláraithe i dtalamh
Forordaítear de bhun Alt 8(b)(ii) den Acht, go bhféadfar úinéireacht na gceart seo a leanas i dtalamh a thaifeadadh sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b)-
(a) aon léas ar oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán;
(b) aon mhuirear, cibé uair a bunaíodh é, a chláraítear mar ualach;
(c) aon mhorgáiste breithiúnais a chláraítear mar ualach;
(d) aon leas a chosnaítear faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 2004.