Riail 185 – Na nithe a bheidh san iarratas ar chúiteamh
Ní foláir gach iarratas ar chúiteamh a bheith sínithe ag an éilitheoir, nó ag a aturnae nó a haturnae, agus na nithe seo a leanas a bheith ann-
(a) sonraí na maoine a bhfuiltear ag éileamh cúitimh mar gheall ar a cailleadh;
(b) sonraí na hearráide, nó an bhrionnaithe nó na calaoise is bonn don éileamh;
(c) sonraí an chaillteanais;
(d) seoladh sa Stát a bhféadfar gach fógra agus cumarsáid le haghaidh an éilitheora a chur chuige, agus ní foláir é a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ón éilitheoir nó, le cead an Údaráis, ó dhuine éigin thar ceann an éilitheora a bhfuil eolas aige nó aici ar na fíorais.