Riail 183 – Cumhacht chun imeachtaí a áireamh mar imeachtaí a tréigeadh
Má bhítear gan aon bheart a dhéanamh ar feadh tréimhse míosa in ábhar atá ar feitheamh sa Chlárlann, féadfaidh an tÚdarás fógra a thabhairt don iarratasóir nó dá aturnae nó dá haturnae go n-áireofar an t-ábhar mar ábhar a tréigeadh mura rachfar ar aghaidh leis go cuí laistigh de thréimhse a luafar san fhógra agus, ar an tréimhse sin a bheith caite, féadfaidh sé an t-ábhar a áireamh mar ábhar a tréigeadh mura ndeachthas ar aghaidh leis.