Riail 181 – Ceisteanna a chur faoi bhráid na cúirte
(1) Aon ordú a dhéanfaidh an tÚdarás ag cur ceist dlí nó fíorais faoi bhráid na cúirte faoi Alt 19(2) den Acht nó aon iarratas a dhéanfar chun na cúirte faoi Alt 21(2) den Acht, féadfar, más cuí leis an Údarás é, meabhrán faoina shíniú a chur i gceangal leis a mbeidh ráiteas gearr ann ar na fíorais agus na doiciméid ábhartha as ar éirigh an cheist atá á cur faoi bhráid na cúirte.
(2) Féadfar a rá san ordú cad é an cheist dlí nó fíorais atá le cinneadh ag an gcúirt agus a ordú cé atá leis an ábhar a thabhairt os comhair na cúirte agus cé hiad na daoine a bhfuil fógra faoin iarratas chun na cúirte le tabhairt dóibh.
(3) Má fheictear don Údarás gur bhain moill mhíchuí le hábhar a tharchuir sé chun na cúirte a thabhairt os comhair na cúirte lena chinneadh, féadfaidh sé, le hordú, cúram na n-imeachtaí a aistriú ón duine dár tugadh é chun duine leasmhair éigin eile, nó féadfaidh sé a ordú a chealú agus na himeachtaí ina ndearnadh an tarchur a áireamh mar imeachtaí tréigthe.