Riail 180 – An nós imeachta i gcás Achomhairc chun na Cúirte
Féadfar Achomhairc chun na Cúirte faoi Alt 19(1) den Acht a dhéanamh-
(a) I gcás achomharc chun na hArd-Chúirte trí fhógra foriarratais agus mionnscríbhinn fhorais a chomhdú leis an gCláraitheoir Cúirte de réir Ordú 96 de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986, a fhéadfaidh a ordú go seirbheálfaí an fógra foriarratais agus an mhionnscríbhinn fhorais sin ar cibé páirtithe eile is gá;
(b) I gcás Achomharc chun na Cúirte Cuarda trí fhógra foriarratais agus mionnscríbhinn fhorais a chomhdú de réir Ordú 51 de Rialacha na Cúirte Cuarda, 1950.