Riail 18 – Scrúdú teidil
Déanfaidh an tÚdarás, nó déanfar faoina mhaoirseacht, gach teideal chun maoine is ábhar d’iarratas faoi Riail 14 nó 17 a scrúdú, agus ordóidh an tÚdarás cibé cuardaigh, fógráin, fógraí agus fiosrúcháin is dóigh leis is gá. Féadfaidh sé i gcás ar bith scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal nó é a mhodhnú, nó féadfaidh sé glacadh le teideal a mheasfaidh sé a bheith ina theideal bailí chun an mhaoin a theachtadh agus cibé slánaíocht a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a ghlacadh. Ní éileofar aon fhianaise theidil nach bhféadfaí a éileamh i gcás an mhaoin a dhíol faoi chonradh díshriantach.