Riail 179 – Cinntí an Údaráis a thaifeadadh
(1) Gach cinneadh a thabharfaidh an tÚdarás á dhiúltú úinéireacht, ualach, fógra nó taifead eile a iarrfar a thaifeadadh i gclár, tabharfaidh sé é trí rialú a shíneoidh sé, agus a thaifeadfar i leabhar rialuithe a choimeádfar chuige sin.
(2) Gach cinneadh eile (nach ordú) a thabharfaidh an tÚdarás, taifeadfar é mar rialú i leabhar na rialuithe, ar iarratas ó dhuine ar bith ar mian leis nó léi achomharc a dhéanamh.
(3) Tagróidh gach rialú do na doiciméid ar a ndearnadh é, agus luafaidh sé forais an chinnte a tugadh.