Riail 175 – Toghairm ón Údarás

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 87 a bheidh toghairm ón Údarás faoi Alt 16 den Acht.

(2) I gcás an toghairm a sheirbheáil ar aon duine nach bhfuil sé de cheangal air nó uirthi freastal ar a chostas féin nó ar a costas féin, déanfar freisin, sa mhionnscríbhinn á chruthú gur seirbheáladh an toghairm, cruthúnas a thabhairt gur íocadh leis an duine a toghaireadh, nó gur tairgeadh dó nó di, na costais réasúnacha a bhain lena fhreastal nó lena freastal.

(3) Is cuid de chostais an iarratasóra san ábhar na costais réasúnacha a bhain le freastal duine ar bith de bhun toghairm maidir le clárú.