Riail 174 – Ceisteanna a chinneadh

image_printLeathanach Priontála

Má éiríonn aon cheist, deacracht nó díospóid le linn imscrúdú teidil nó clárú nó imeachtaí eile sa Chlárlann, féadfaidh an tÚdarás fógra a thabhairt do gach duine leasmhar freastal os a chomhair lá agus am a luafar san fhógra chun an t-ábhar a bhreithniú; agus, ag an am ceaptha, cinnfidh sé an cheist nó, má bhíonn amhras air ina taobh, cuirfidh sé faoi bhráid na cúirte í mar a mhínítear in Alt 18 den Acht lena cinneadh.